Tuarascálacha iniúchta agus tabhartais 

Gheobhaidh tú anseo na tuarascálacha iniúchta lena n-áirítear na ráitis airgeadais chomh maith le síntiúis na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí, arna gcur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa gach bliain ag na páirtithe agus ag na fondúireachtaí.

Ní féidir na méideanna cistithe, arna léiriú sna tuarascálacha sin, a mheas mar ní críochnaitheach i ngach cás. D’fhéadfadh go mbeidís éagsúil leis na cinn a dhámh agus a d’íoc Parlaimint na hEorpa iarbhír toisc gur eisíodh an tuarascáil iniúchta sular fhormheas an Pharlaimint an cinneadh maidir le méid an chistithe deiridh.

Tabhair do d’aire freisin, ó chistiú 2018, go n-athraíonn na ceanglais trédhearcachta de bhun Airteagal 32 den Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Níl an chuid is mó de na ceanglais seo infheidhme ach amháin tar éis do rialú tuarascálacha bliantúla in 2019.

Foilsiú ag Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 32(2) (baineann sé le cistiú ó 2018 ar aghaidh):an liosta daoine dlítheanacha is comhaltaí de pháirtí polaitiúil Eorpach,,atá i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus a nuashonraítear i gcomhréir le hAirteagal 9(6), chomh maith lelíon iomlán na gcomhaltaí aonair..