Foilsiú ex post 

Faoin Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, déantar dámhachtain deontas a rialú le prionsabal na trédhearcachta, a chiallaíonn inter alia gur gá foilsiú ex post a bheith ann.

In Airteagail 38 agus 189 den Rialachán Airgeadais maidir le deontais luaitear go ‘ndéanfar gach deontas arna dhámhachtain le linn bliana airgeadais a fhoilsiú’ ar ‘shuímh ghréasáin de chuid institiúidí an Aontais, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh an bhliain tar éis na bliana airgeadais inar gealladh na cistí go dlíthiúil.’

Tá oibleagáid ar an bParlaimint freisin - chun reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais) a chomhlíonadh - an fhaisnéis a fhoilsítear maidir le deontais a theorannú. Déanfar faisnéis maidir le deontais a dámhadh le dhá bhliain anuas a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin. Beidh figiúirí níos sine inrochtana arna iarraidh sin ag na hard-stiúrthóireachtaí cuí, agus aird chuí á tabhairt ar Rialachán (AE) 2018/1725.