Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa 

Suíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa i ngrúpaí polaitiúla - ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla. I láthair na huaire, tá 7 ngrúpa pholaitiúla sa Pharlaimint.

Chun grúpa polaitiúil a chur ar bun, is gá 23 Fheisire agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an gceathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit laistigh den ghrúpa. Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.

Tá roinnt Feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí neamhcheangailte orthu.

Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa

Tá gach grúpa polaitiúil freagrach as a eagar inmheánach féin, trí chathaoirleach (nó beirt chomhchathaoirleach i gcás grúpaí áirithe), biúró agus rúnaíocht a cheapadh.

Cinneadh na háiteanna a shanntar d'Fheisirí sa Seomra Tionóil trí chleamhnacht pholaitúil, ó chlé go deas, trí chomhaontú le cathaoirligh an ghrúpa.

Roimh gach vóta sa suí iomlánach déanann grúpaí polaitiúla grinnscrúdú ar na tuarascálacha arna ndréachtú ag na coistí parlaiminteacha agus cuireann siad leasuithe síos orthu.

Aontaítear an seasamh a ghlacfaidh an grúpa polaitiúil trí phlé laistigh den ghrúpa. Ní féidir iallach a chur ar aon Fheisire vótáil ar shlí ar leith.