Ilteangachas i bParlaimint na hEorpa 

I bParlaimint na hEorpa, tá an tábhacht chéanna ag baint le gach teanga oifigiúil: foilsítear doiciméid pharlaiminteacha i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus tá an ceart ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa labhairt agus scríobh ina rogha teanga oifigiúil. Áirithíonn sé freisin go bhfuil cách in ann obair na Parlaiminte a leanúint agus rochtain a bheith acu ar an obair sin.

Is mar shócmhainn a bhreathnaigh an tAontas Eorpach riamh ar a mhóréagsúlacht cultúr agus teangacha. Agus é fréamhaithe go daingean sna conarthaí Eorpacha, is léiriú é an t-ilteangachas ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga sin. Déanann sé na hinstitiúidí Eorpacha níos inrochtana agus níos trédhearcaí do shaoránaigh uile an Aontais, rud atá bunriachtanach do rath córas daonlathach AE.

Tá difríocht idir Parlaimint na hEorpa ó institiúidí eile AE ina oibleagáid an leibhéal is airde ilteangachas a áirithiú. Tá an ceart ag gach saoránach seasamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Bheadh sé míréasúnach a cheangal ar na Feisirí ceann de na teangacha is minice a úsáidtear, amhail an Fhraincis nó an Béarla, a bheith ar a dtoil acu. An ceart atá ag Feisirí chun doiciméid pharlaiminteacha a léamh agus a scríobh, chun díospóireachtaí a leanúint agus chun labhairt ina dteanga féin, aithnítear go sainráite é i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Ní mór do gach saoránach AE a bheith in ann reachtaíocht a dhéanann difear dóibh a léamh i dteanga a dtíre féin. Mar chomhreachtóir, tá sé de dhualgas ag Parlaimint na hEorpa a áirithiú go bhfuil cáilíocht teanga na ndlíthe uile a ghlacann sí gan cháim sna teangacha oifigiúla go léir.

Tá muintir na hEorpa i dteideal obair na Parlaiminte a leanúint, ceisteanna a chur agus freagraí a fháil ina dteanga féin, faoin reachtaíocht Eorpach.

Teangacha a úsáidtear i bParlaimint na hEorpa

Nach fada an bealach a thángamar ó dheireadh na 1950idí, nuair nár labhraíodh ach ceithre theanga in institiúidí na gComhphobal Eorpach! Sa lá atá inniu ann, úsáidtear 24 theanga oifigiúla san iomlán i bParlaimint na hEorpa, rud atá ina dhúshlán ollmhór teanga.

Gach uair a tháinig Ballstát nua isteach in AE, chuir siad le huimhir na dteangacha oifigiúla

Teanga oifigiúil AE ó …

  • Ollainnis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis: 1958
  • Danmhairgis, Béarla: 1973
  • Gréigis: 1981
  • Portaingéilis, Spáinnis: 1986
  • Fionlainnis, Sualainnis: 1995
  • Seicis, Eastóinis, Ungáiris, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Slóvaicis, Slóivéinis: 2004
  • Bulgáiris, Gaeilge, Rómáinis: 2007
  • Cróitis: 2013

Leagtar amach teangacha oifigiúla AE i rialachán a ndéantar é a leasú tar éis gach aontachais chun na teangacha oifigiúla nua a chur leis na teangacha. Tá stádas comhionann ag na teangacha oifigiúla go léir.

Agus 24 theanga oifigiúla ann tá os cionn 552 theaglaim teanga i gceist mar gur féidir gach teanga oifigiúil a aistriú go 23 theanga eile. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bhunaigh Parlaimint na hEorpa seirbhísí an-éifeachtach ateangaireachta, aistriúcháin agus fíoraithe téacsanna dlíthiúla. Tá rialacha an-dochta curtha i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfeidhmíonn na seirbhísí go rianúil agus go leanann na costais de bheith réasúnach.

Aistriúchán

Cumasaíonn seirbhís aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa cumarsáid ilteangach, i scríbhinn agus go leictreonach, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá ról ríthábhachtach aici chun a áirithiú go bhfuil próiseas reachtach agus buiséadach AE trédhearcach agus chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Tá tuairim is 1140 duine i bhfeidhmeannas Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin. Orthu siúd, tá breis agus 600 aistritheoir, agus is ceann de na fostóirí is mó dá leithéid ar domhan é.

Ateangaireacht

Caint na bhFeisirí a aithris go dílis i ngach teanga oifigiúil agus i bhfíor-am go dtí na teangacha oifigiúla go léir, is é sin príomhchúram ateangairí Pharlaimint na hEorpa. Cuirtear seirbhísí ateangaireachta ar fáil ag gach cruinniú ilteangach a eagraíonn comhlachtaí oifigiúla na hinstitiúide.

Oibríonn thart ar 270 ateangaire foirne d'Ardstiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha agus bíonn thart ar 1500 ateangaire creidiúnaithe seachtrach ar fáil di agus iarrtar orthu go rialta riachtanais na Parlaiminte a chlúdach.

Ilteangachas - Gníomhartha Reachtacha

Bíonn tionchar ag an reachtaíocht a ghlacann Parlaimint na Eorpa ar 447 milliún saoránach i 27 dtír agus ar 24 theanga oifigiúla: ní mór an reachtaíocht a bheith mar a chéile agus soiléir sna teangacha uile. Is é freagracht dlí-theangeolaithe na Parlaiminte cáilíocht teanga agus cáilíocht dhlíthiúil na dtéacsanna a fhíordheimhniú.

Déanann dlítheangeolaithe na Parlaiminte, tríd an nós imeachta reachtach, a áirithiú, go bhfuil an cháilíocht is airde is féidir ann de na téacsanna reachtacha i dteangacha uile AE. Chun a áirithiú go ndéantar toil pholaitiúil i dtéacsanna reachtacha ardcháilíochta, bíonn na dlítheangeolaithe rannpháirteach i gcéimeanna uile an nós imeachta reachtaigh.

Is foireann de thart ar 75 dlítheangeolaí a dhéanann an obair. Go háirithe:

  • soláthraíonn siad comhairle dréachtaithe agus nós imeachta ón dréachtú tosaigh ar théacsanna go dtí an glacadh deiridh sa suí iomlánach;
  • ullmhaíonn siad agus foilsíonn siad téacsanna lena nglacadh ag an bParlaimint sa choiste agus sa suí iomlánach, rud a áirithíonn an cháilíocht is airde de leaganacha éagsúla teanga uile na leasuithe sna tuarascálacha agus cúrsa rianúil an nós imeachta;
  • tá siad freagrach as ullmhú teicniúil leasuithe a chuirtear síos don suí iomlánach agus as foilsiú na dtéacsanna go léir a ghlactar ar lá na vótála iomlánaí;
  • gníomhartha reachtacha a thabhairt chun críche le dlítheangeolaithe na Comhairle.